An bhfuil tú ag lorg bealach spraíúil chun níos mó Gaeilge a thabhairt isteach i saol do theaghlaigh? Mas ea, tá Bronntanas 2026 anseo duit!
Is féile teaghlaigh í Bronntanas a cheiliúrann na féidearthachtaí, na deiseanna agus na buntáistí a chruthaíonn an Ghaeilge do pháistí agus do theaghlaigh. Ritheann an fhéile ón 14ú Meán Fómhair go dtí a 4ú Deireadh Fómhair agus ní gá Gaeilge líofa a bheith agat chun páirt a ghlacadh. Tá an fhéile oscailte do chách, idir theaghlaigh atá ag úsáid na Gaeilge gach lá agus iad siúd atá díreach ag tosú amach lena gcéad chúpla focal.
Trí mheascán bríomhar d'imeahtaí cultúrtha, ealaíne, spóirt agus pobail, yugann Bronntanas deis do theaghlaigh taitneamh a bhaint as an nGaeilge i suímh nádúrtha, cairdiúla agus fáilteacha. Ó cheardlanna ealaíne agus drámaíochta go ceol beo, cluichí, aistí dúlra agus spóirt uisce, tá rud éigin ann do gach aoisghrúpa agus do gach suim.

Beidh Bronntanas ar siúl ón 14ú Meán Fómhair go dtí an 4ú Deireadh Fómhair 2026, le breis is 70 imeachtaí saor in aisce á reachtáil ar fud Bhaile Átha Cliath. Le linn na dtrí seachtaine, tabharfar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile, cairde nua a dhéanamh, taitneamh a bhaint as imeachtaí den scoth agus, thar aon rud eile, an Ghaeilge a úsáid ar bhealach nádúrtha agus neamhfhoirmiúil.
Mar chuid lárnach den fhéile, beidh Dúshlán Teaghlaigh 21 Lá ar siúl. Gach lá, gheobhaidh teaghlaigh gníomhaíocht bheag, phraiticiúil a spreagfaidh iad chun an Ghaeilge a fhí isteach ina ngnáthaimh laethúla. D’fhéadfadh sé a bheith chomh simplí le cúpla focal nua a úsáid ag an mbord dinnéir, cluiche beag a imirt trí Ghaeilge, nó scéal a léamh le chéile.
Buaicphointí Seachtain a hAon - 14-20 Meán Fómhair
Tosaíonn an fhéile le seachtain lán de chruthaitheacht agus de spraoi.
I Leabharlann Bhaile Uí Ógáin ar an 15ú Meán Fómhair ag 14:45pm, beidh deis ag teaghlaigh páirt a ghlacadh i "Tarraing do Chara" le Cara Dunne, áit a bhfoghlaimeoidh siad conas portráidí spraíúla a chruthú dá chéile faoi threoir ealaíontóra ghairmiúil. Is bealach iontach é seo chun samhlaíocht agus cumarsáid a spreagadh trí mheán na Gaeilge. Is féidir d'áit a chuir in áírithe trí ríomhphoist a sheoladh chuig ballyoganlib@dlrcoco.ie.
Má tá suim sa cheol ag do theaghlach, ná chaill ceardlann aistriúcháin amhrán le Lisa Murray in Áras Chrónáin ar an 19ú Meán Fómhair ag 12:30pm. Foghlaimeoidh rannpháirtithe conas pop-amhráin a aithníonn siad a chanadh agus a thuiscint trí Ghaeilge. Beidh deis ann canadh, cumadh agus taitneamh a bhaint as draíocht an cheoil le chéile. Is féidir d'áit a chuir in áirithe anseo.
An lá céanna, tabharfaidh an dráma idirghníomhach “An Bhumbóg Bheag” cuairt ar Rua Red ar an 19ú Meán Fómhair ag 16:00pm. Trí mheascán de cheol, scéalaíocht agus rannpháirtíocht an lucht féachana, gheobhaidh páistí deis foghlaim faoi nádúr agus faoin nGaeilge ar bhealach spraíúil agus samhlaíoch. Is féidir d'áit don dráma seo a chuir in áirithe trí an nasc seo.
Buaicphointí Seachtain a Dó - 21-27 Meán Fómhair
Sa dara seachtain, díreoidh an fhéile ar ghluaiseacht, ar an dúlra agus ar fholláine.
Beidh seisiúin speisialta le hÓga Yoga ar fáil do theaghlaigh ar an 24ú Meán Fomhair ag 15:30 i leabharlann Ros Eo. Má tá tú ag iarraidh sos a ghlacadh ón ngnáthshaol agus taitneamh a bhaint as aclaíocht agus aireachas trí mheán na Gaeilge. Is féidir d'áit a chuir in áirithe trí ríomhphoist a sheoladh go dtí rushlibrary@fingal.ie.
Dóibh siúd a bhfuil grá acu don dúlra, beidh Spraoi sna Gairdíní ar siúl i nGairdíní Lus na hÉireann. Agus iad ag iniúchadh plandaí, ainmhithe agus dathanna na ngairdíní, beidh deis ag páistí agus tuismitheoirí araon foclóir nua a fhoghlaim agus a úsáid. Níl spásanna teoranta leis an imeacht seo, díreach bí linn ag 12pm!
Ar an 26 Meán Fómhair, beidh Cluiche Corr leis na Gaeil Nua i bPáirc an Fhionnuisce ar siúl ag 12:30-14:00. Trí rith, comhoibriú agus iomaíocht chairdiúil, foghlaimeoidh rannpháirtithe Gaeilge ghníomhach agus iad ag baint taitnimh as an gcluiche traidisiúnta seo. Níl gá áit a chuir in áirithe don imeacht seo.
Má tá eachtra spórtúil á lorg agat, beidh cadhcáil le Moontour i gCuan Dhún Laoghaire ar an 27 Meán Fómhair ag 10:00am & 14:00pm Is deis iontach í seo chun scileanna nua a shealbhú agus Gaeilge a úsáid i gcomhthéacs iomlán nua. Is féidir do áit a chuir in áirithe anseo.
Ar an lá céanna, tá neart roghanna eile ar fáil. Is féidir páirt a ghlacadh san Aqua Céilí, imeacht fuinniúil agus spraíúil i linn snámha Seán Mac Diarmada ag 12:30pm, nó freastal ar cheardlann scríbhneoireachta rap le James Shannon ó IMLÉ in Áras Chrónáin ag 2pm, áit a bhfoghlaimeoidh teaghlaigh conas liricí nuálacha a chruthú trí Ghaeilge.
Beidh Tóraíocht Taisce Theaghlaigh ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce ar an 27ú lá chomh maith, ag tabhairt deis do rannpháirtithe stair Bhaile Átha Cliath a iniúchadh trí leideanna agus dúshláin idirghníomhacha.
Buaicphointí Seachtain a Trí - 28 Meán Fómhair - 4 Deireadh Fómhair
Sa tseachtain dheireanach den fhéile, beidh béim ar chruthaitheacht, ar chultúr agus ar cheiliúradh pobail.
Beidh ceardlann phraiticiúil phoitireachta le Cormac O' Breartúin ar fáil do theaghlaigh ar mhaith leo a gcuid samhlaíochta a chur ag obair agus rud éigin speisialta a chruthú lena lámha féin.
Dóibh siúd ar mhaith leo bogadh agus damhsa, beidh deis ann céimeanna bunúsacha agus traidisiúin na damhsaíochta Gaeilge a fhoghlaim le Cáit, i lá spraíúil pobail in Ionad Pobail Chill Chrois agus Ionad Pobail Patrician. Níl gá áit a chuir in áirithe don imeacht seo
Críochnóidh Bronntanas 2026 le hócáid mhór cheiliúrtha i Mud Island. Beidh gníomhaíochtaí teaghlaigh, ceardlanna agus siamsaíocht ar fáil i rith an lae sula dtiocfaidh an fhéile chun deiridh le Céilí Mór faoi stiúir Tolka Trad agus fear an tí Jerry O'Reilly. Níl gá áit a chuir in áirithe don imeacht seo
Bí Linn!
Is deis iontach é Bronntanas 2026 Is deis iontach é Bronntanas 2026 chun spraoi a bheith agat, cuimhní nua a chruthú mar theaghlach agus an Ghaeilge a thabhairt isteach i do shaol ar bhealach simplí, nádúrtha agus taitneamhach.
Réidh le páirt a ghlacadh? Tá na himeachtaí go léir saor in aisce, ach tá áirithint riachtanach do chuid acu. Féach ar an gclár digiteach iomlán thíos chun do chuid imeachtaí a roghnú agus d'áit a chur in áirithe.
Gheobhaidh tú eolas mionsonraithe faoi gach imeacht, naisc chlárúcháin agus gach rud atá uait chun an leas is fearr a bhaint as 21 lá de spraoi, foghlaim agus Gaeilge leis an teaghlach ar fad.
.jpg&w=2048&q=75)