.png&w=2048&q=75)
Ag nascadh pobail agus ag spreagadh daoine chun Gaeilge a labhairt ar bhinsí Baile Átha Cliath.
Is tionscadal pobail iad Binsí Comhrá a lonnaíonn binsí i gcroílár Bhaile Átha Cliath chun spásanna neamhfhoirmeálta Gaeilge a chothú agus uaigneas uirbeach a laghdú. Tháinig an smaoineamh ó fhostaí Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a thug faoi deara go raibh easpa spásanna sóisialta sa chathair ina bhféadfadh daoine labhairt as Gaeilge go compordach, nádúrtha.
Cuireadh an chéad bhinse i mBaile Formaid i mí Dheireadh Fómhair 2025. Faoi láthair, tá 40+ bhinse lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus fud fad na tíre ag Údaráis Áitiúil Bhaile Átha Cliath agus Oifig na nOibreacha Poiblí.
Ní binsí amháin atá i gceist le Binsí Comhrá; is spásanna iad chun an Ghaeilge a chothú, naisc a thógáil agus muinín phobail a neartú trí Ghaeilge.
Le tuilleadh eolais agus inspioráide: Féach conas a chuireamar i gcrích é sa Treoir 5 Chéim
Lean na céimeanna seo chun an tionscnamh seo a sheoladh go rathúil
Íoslódáil ábhair agus teimpléid úsáideacha