Bronntanas
Lasann Bronntanas splanc a spreagann teaghlaigh chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha sa bhaile.
Ag spreagadh foghlaimeoirí óga trí Ghaeilge a chur i gcroílár ceachtanna snámha; cúrsa uasoiliúinte coicíse a neartaíonn muinín teagascóirí snámha cáilithe chun múineadh trí Ghaeilge

Is tionscnamh praiticiúil agus inbhuanaithe é Snámh le Spraoi ag neartú cumais teanga agus scileanna teagaisc i measc teagascóirí snámha atá ag obair I spórtlanna cheana féin.
Tá an tionscnamh seo bunaithe ar na polasaí faoin nGaeilge sa Phlean Spóirt Comhairle Cathrach Baile Átha Cliath 2024-2029.
Tá an straitéis dírithe ar réiteach córasach: in ionad maoiniú a thabhairt go sealadach, táimid ag infheistiú i dtraenáil do na dteagascóirí atá ann cheana chun píblíne leanúnach cumasaithe a chruthú.
Cuireadh tumchúrsa coicíse Gaeilge ar fáil do bhaill fhoirne cáilithe, le béim shoiléir ar fhoghlaim phraiticiúil sa linn snámha seachas sa seomra ranga.
Faigheann gach rannpháirtí aitheantas chun múineadh go hiomlán trí mheán na Gaeilge, nó go dátheangach (den chuid is mó i mBéarla ach ag cur frásaí Gaeilge isteach go nádúrtha).
Cuireadh na ranganna Gaeilge mar chuid den amchlár rialta; agus bhí 98% de rannpháirtithe sásta fanacht sna ranganna trí Ghaeilge seachas bogadh go cinn Béarla. Mar thoradh ar an rath seo, tháinig éileamh ar chúrsaí eile as Gaeilge, m.sh; Ranganna Pilates
Mar thoradh ar an tionscnamh tá 300 deis labhartha Gaeilge á gcur ar fáil gach seachtain (20 rannpháirtí x 15 rang), agus tá an scéim inbhuanaithe, scálaí agus réasúnta ó thaobh costais de.
Le tuilleadh eolais agus inspioráide: Féach conas a chuireamar i gcrích é sa Treoir 5 Chéim
Lean na céimeanna seo chun an tionscnamh seo a sheoladh go rathúil
Féach ar chláir eile a d'fhéadfadh spéis a bheith agat iontu
Lasann Bronntanas splanc a spreagann teaghlaigh chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha sa bhaile.
Ag fás Gaelphobail mórthimpeall ar ghaelscoileanna, ag cruthú caidrimh leis an teanga lasmuigh de gheataí na scoile
Féile pobail a chruthaíonn breis is 3,000 deiseanna an Ghaeilge a úsáid trí fhoghlaimeoirí Gaeilge nua‑tagtha agus an pobal níos leithne a thabhairt le chéile chun an teanga a cheiliúradh agus a chleachtadh.