Foraois
Ag fás Gaelphobail mórthimpeall ar ghaelscoileanna, ag cruthú caidrimh leis an teanga lasmuigh de gheataí na scoile

Lasann Bronntanas splanc a spreagann teaghlaigh chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha sa bhaile.
Is ceiliúradh é Bronntanas ar na féidearthachtaí a chruthaíonn an Ghaeilge do theaghlaigh.
An rud atá difriúil faoi Bhronntanas mar fhéile ná nach ndíríonn sé ar shiamsaíocht na bpáistí amháin. Lasann an fhéile splanc a spreagann teaghlaigh le cumarsáid a dhéanamh lena chéile trí Ghaeilge, ag tabhairt muinín agus scileanna dóibh an teanga a úsáid go nádúrtha sa bhaile. Mar thoradh air sin, bunaítear nósanna nua a mhaireann i bhfad tar éis na féile.
Thosaigh an fhéile in 2025 agus bhí an-tóir uirthi le breis is 1,000+ rannpháirtí ag plé le os cionn 30 ócáid. Mar chuid den Fhéile, bhí deis ag 500+ teaghlach síniú suas do Bronntanas Beo, dúshlán teaghlaigh 21 lá a spreagann teaghlaigh le nósmhaireacht laethúil a dhéanamh as labhairt na Gaeilge.
Bunaithe ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas, reachtáiltear Bronntanas fud fad an chontae i gcomhair leis na ceithre chomhairle áitiúla i mBaile Átha Cliath, le Glór na nGael agus le tacaíocht ó Teanga Tí.
Le tuilleadh eolais agus inspioráide: Féach conas a chuireamar i gcrích é sa Treoir 5 Chéim
Lean na céimeanna seo chun an tionscnamh seo a sheoladh go rathúil
Íoslódáil ábhair agus teimpléid úsáideacha
Féach ar chláir eile a d'fhéadfadh spéis a bheith agat iontu
Ag fás Gaelphobail mórthimpeall ar ghaelscoileanna, ag cruthú caidrimh leis an teanga lasmuigh de gheataí na scoile
Ag spreagadh foghlaimeoirí óga trí Ghaeilge a chur i gcroílár ceachtanna snámha; cúrsa uasoiliúinte coicíse a neartaíonn muinín teagascóirí snámha cáilithe chun múineadh trí Ghaeilge
Féile pobail a chruthaíonn breis is 3,000 deiseanna an Ghaeilge a úsáid trí fhoghlaimeoirí Gaeilge nua‑tagtha agus an pobal níos leithne a thabhairt le chéile chun an teanga a cheiliúradh agus a chleachtadh.