top of page
IMG_9477_edited_edited_edited.jpg

Cruthaigh

Tá ceannródaithe teanga ag teacht chun cinn ar fud BÁC, glac páirt sa ghluaiseacht agus cruthaigh todhchaí gheal trí Ghaeilge.

I gComhpháirtíocht Le:

Gaeilge 365 Logo

Cad é Gaeilge365?

An Chéad Chlár Nuálaíochta Teanga in Éirinn

Faoi stiúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Fine Gall, tá Gaeilge365 ag cur na Gaeilge i gcroílár sheirbhísí údaráis áitiúla.

 

Is inneall fáis é Gaeilge365 don teanga, ag méadú go mór líon na ndeiseanna don phobal an Ghaeilge a úsáid. 

 

Ag an am céanna, tá ár bpobail ag baint barr-luach as an nGaeilge ar bhonn sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch.

Tá Gaeilge365 ag cur lionsa nuálaíochta teanga ar sheirbhísí údaráis áitiúla chun deiseanna labhartha laethúla a chruthú do chainteoirí Ghaeilge.

 

Dírímid ar chláracha a fhorbairt gur féidir a athchruthú agus a scálú, ag cinntiú go bhfuil muid ag tógáil múnlaí sár-chleachtais ar féidir iad a leathnú ar fud an chontae agus níos faide i gcéin.

 

Creidimid gur féidir an teanga a úsáid mar uirlis chun ceangail chultúrtha agus sóisialta a threisiú, ag cruthú todhchaí inbhuanaithe don tsochaí dhátheangach.

 

Seo blaiseadh de roinnt tograí atá curtha i gcrích againn:

Untitled design (12).png

Glac páirt sa ghluaiseacht

Tar i gcomhpháirtíocht linn

Táimid i gconaí ag iarraidh teacht ar pháirtithe nua ón earnáil phoiblí, earnáil ghnó nó earnáil neamhbrabúis ar mian leo tabhairt faoi nuálaíocht teanga.

Fonn nuálaíochta ort?

Bíonn muid i gconaí ag tacú le ceannródaithe teanga ar fud fad BÁC ar mian leo tabhairt faoi thograí uaillmhianacha trí Ghaeilge.

bottom of page